Teanga Struchtúrtha Iarratas
| Cineál | teanga fhógrach, teanga iarratais, teanga ríomhchlárúcháin agus domain-specific language (en) |
|---|---|
| Bunaithe ar | first-order logic (en) |
| Bunleagan | 1974 |
| Leagan bogearraí | |
| Foireann | |
| Forbróir(í) | Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán, Raymond F. Boyce agus Donald D. Chamberlin |
| Dearthóir | Donald D. Chamberlin agus Raymond F. Boyce |
| Tuilleadh eolais | |
| Láithreán Gréasáin | iso.org… |
| Stack Exchange | Nasc |
| CA. Subreddit | SQL |
|
| |
← SEQUEL | |

Is í an Teanga Struchtúrtha Iarratas, nó SQL (ón mBéarla Structured Query Language), an teanga ríomhaireachta is mó a bhfuil gean uirthi le haghaidh sonraí a chruthú, a athrú is a aisghabháil ó chórais bainistíochta bunachar sonraí. Tá sé anois ina teanga chaighdeánach idirnáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.
Fuaimniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá difríochtaí ann idir dhá fhuaimniú an acrainm, mar na litreacha aonair nó mar fhocal amháin, "saoi-cual".

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhorbair an comhlacht IBM é Glacadh le SQL mar chaighdeán ag ANSI i 1986 agus ISO i 1987. Leathnaíodh an teanga chun sainmhíniú struchtúr an bhunachair a chuimsiú[1].
Caighdeánú
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Bliain | Caighdeán oifigiúil | Ainm neamhfhoirmiúil | Nótaí tráchta |
|---|---|---|---|
| 1986 1987 |
ANSI X3.135:1986 ISO/IEC 9075:1987 FIPS PUB 127 |
SQL-86 SQL-87 |
Céadfhoilsithe ag ANSI. Daingnithe ag ISO i 1987. |
| 1989 | ANSI X3.135-1989 ISO/IEC 9075:1989 FIPS PUB 127-1 |
SQL-89 | Mionleasú. |
| 1992 | ANSI X3.135-1992 ISO/IEC 9075:1992 FIPS PUB 127-2 |
SQL-92 SQL2 |
Leasú mór (ISO 9075). |
| 1999 | ISO/IEC 9075:1999 | SQL:1999 SQL3 |
|
| 2003 | ISO/IEC 9075:2003 | SQL:2003 | |
| 2006 | ISO/IEC 9075-14:2006 | SQL:2006 | Tugtar sainmhíniú in ISO/IEC 9075-14:2006 ar shlite inar féidir úsáid a bhaint as SQL in éineacht le XML. |
| 2008 | ISO/IEC 9075:2008 | SQL:2008 | |
| 2011 | ISO/IEC 9075:2011 | SQL:2011 | |
| 2016 | ISO/IEC 9075:2016 | SQL:2016 | |
| 2019 | ISO/IEC 9075-15:2019 | SQL:2019 | |
| 2023 | ISO/IEC 9075:2023 | SQL:2023 |

Eochairfhocail SQL
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir eochairfhocail SQL a roinnt i ngrúpaí éagsúla.
Aisghabháil sonraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an oibríocht chun sonraí a aisghabháil an oibríocht is coitianta i mbunachair shonraí le haghaidh idirbheart.
SELECT (roghnaigh)
Sampla 1: SELECT * FROM leabhair WHERE praghas > 100.00 and praghas < 150.00 ORDER BY teideal
Seo sampla ab fhéidir a úsáid le haghaidh liosta leabhar costasach a fháil. Aisghabháiltear na taifid ón tábla leabhair a bhfuil réimse praghas acu atá níos mó ná 100.00 agus níos lú ná 150.00. Sórtáiltear an toradh in ord aibítre de réir teideal an leabhair. Ciallaíonn an réiltín (*) go dtaispeántar na colúin go léir ón tábla leabhair. Is féidir colúin áirithe a ainmniú chomh maith.
Sampla 2:
SELECT leabhair.teideal, count(*) AS Údair
FROM leabhair
JOIN leabhar_údair
ON leabhair.uimhir_leabhair = leabhar_údair.uimhir_leabhair
GROUP BY leabhair.teideal
Seo sampla de chomhcheangal idir dhá thábla ag a bhfuil luach coiteann.

Ionramháil sonraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is fo-thacar den teanga í teanga ionramhála sonraí, DML (ón mBéarla Data Manipulation Language), a úsáidtear chun cur leis na sonraí nó le haghaidh sonraí a nuashonrú nó a scrios.
INSERT: úsáidtear le haghaidh náid nó níos mó rónna a chur le tábla atá ann cheana féin (codaigh go foirmiúil).UPDATE: úsáidtear le haghaidh luachanna thacar rónna tábla atá ann cheana féin a mhionathrú.MERGEDELETE: scriostar náid nó níos mó rónna atá ann ó thábla .
Sampla INSERT:
INSERT INTO mo_thábla (réimse1, réimse2, réimse3) VALUES ('teist', 'N', NULL);
Sampla UPDATE: UPDATE mo_thábla SET réimse1 = 'luach nuashonraithe' WHERE réimse2 = 'N';
Sampla DELETE: DELETE FROM mo_thábla WHERE réimse2 = 'N';
Sainiú sonraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear an dara grúpa eochairfhocal, Teanga Shainithe Sonraí nó DDL (Data Definition Language), chun táblaí nua nó eilimintí a bhaineann le sin a shainmhíniú.
CREATEDROPTRUNCATEALTER
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)