Feirm ghaoithe

Bíonn roinnt tuirbíní gaoithe ar fheirm ghaoithe, a úsáideann cumhacht na gaoithe le leictreachas a ghiniúint.[1]
Cumhacht ghaoithe in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn na figiúirí do mhí Dheireadh Fómhair 2024 gur chuir fuinneamh gaoithe 35% de leictreachas ar fáil in Éirinn (níor tháinig ach 4% ón ngriamchumhacht agus ó fhoinsí eile inathnuaite). Ciallaíonn sé gur ghin feirmeacha gaoithe an tríú cuid de leictreachas na tíre sa chéad 10 mí den bhliain 2024.[2]
Cé gur éirigh go maith le feirmeacha gaoithe na hÉireann in 2024, bhí 2024 an bhliain is measa maidir le fuinneamh a chur amú, dar le Fuinneamh Gaoithe Éireann. Cailleadh 14% de tháirgeadh fuinnimh gaoithe sa chéad trí ráithe den bhliain 2024 de bharr dhúshláin leis an ngréasán tarchurtha, mar gheall ar fhuinneamh gaoithe a bheith caillte de bharr an gréasán leictreachais gan bheith sách láidir leis an bhfuinneamh a iompar. Nuair a tharlaíonn sé seo, tugtar treoir d’fheirmeacha gaoithe an méid cumhachta a tháirgeann siad a laghdú nó a mhúchadh go hiomlán, rud a chiallaíonn go n-úsáidfear níos mó breoslaí iontaise.[2]
Tháinig laghdú 26% in 2024 ar an meánchostas a bhain le meigeavata-uair an chloig leictreachais ar na laethanta ba mhó cumhacht gaoithe.
Feirmeacha gaoithe in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, rinneadh an chéad iarracht le tionscnamh gaoithe amach ón gcósta a chur ar bun sa limistéar mara as Dún na nGall síos go Corcaigh, cósta thiar na hÉireann uilig.[3]
Sa bhliain 2025, cheallaigh Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST) forbairt na feirme gaoithe a bhí beartaithe ar na carraigeacha Sceirde amach ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara. Léirigh “anailís leanúnach” go bhfuil geolaíocht ghrinneall na farraige ar an suíomh an-chasta agus go mbíonn tionchar mór ag sruthanna agus tonnairdí suntasacha uirthi.[4][5] Sna 2020idí, leagadh go leor béime ar fhorbairt Ros a’ Mhíl in Údarás na Gaeltachta. Fuair an comhlacht Ward and Burke conradh le haghaidh méadú na céibhe agus forbairt an chalafoirt domhainmhara. Bhí Fuinneamh Sceirde Teo[6] go láidir ar son na forbartha sin. Ach in 2025, thug Banc Macquarie as an Astráil droim láimhe le hiarracht a bhí ar bun acusan le feirm mhór ghaoithe a lonnú thart ar charraigeacha na Sceirde, siar ó chósta Chonamara.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ccea.org.uk. "Gaothː Aonad Téamach Eochairchéim 2". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-11-18). "An ghaoth a ghin 35% de leictreachas na míosa seo caite" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Catháin (5 Eanáir 2022). "Cóir na gaoithe le scéim cumhachta na Sceirdí i nGaeltacht Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-07.
- ↑ "Geolaíocht ghrinneall na farraige ‘róchasta’ le feirm ghaoithe a fhorbairt ar Charraigeacha Sceirde" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-29). Dáta rochtana: 2025-05-01.
- ↑ sceirderockswindfarm.ie (2025-04-28). "Ráiteas maidir le Feirm Gaoithe Charraigheacha Sceirde" (ga). Gaeilge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-01. Dáta rochtana: 2025-05-01.
- ↑ iangreen (2025-04-28). "Ráiteas maidir le Feirm Gaoithe Charraigheacha Sceirde" (ga). Gaeilge. Dáta rochtana: 2025-05-04.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (28 Aibreán 2025). "Cá bhfuil an ghaoth anois? Ceist thábhachtach í ar muir agus ar tír" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-04.